Skip to main content
Pictured people casting their votes.

Is é do vóta do ghuth

Conas Vóta a Chaitheamh

Tugtar deis duit leis an vótáil i reifrinn agus i dtoghcháin a bheith mar chuid den chinnteoireacht a bhaineann le do shaol agus le todhchaí ár dtíre.

Roimh lá na vótála

An chéad chéim le bheith ábalta vótáil in Éirinn ná clárú chun vótáil. Má tá tú cláraithe cheana féin, tá sé tábhachtach a sheiceáil go bhfuil do chuid sonraí suas chun dáta agus cruinn.

Is féidir leat é sin a dhéanamh trí chuairt a thabhairt ar: www.checktheregister.ie

Nuair a bheidh tú cláraithe le vótáil, agus má chomhlíonann tú na critéir incháilitheachta chun vótáil i reifreann, cuirfear cárta vótála chuig do sheoladh roimh lá na vótála.

Áirítear ar an gcárta vótála sin:

  • D’uimhir thoghthóra
  • Ainm an stáisiúin vótála chuig a rachaidh tú chun vóta a chaitheamh
  • Ráiteas foirmiúil ina mínítear cad atá i gceist leis an reifreann

Ní mór duit vótáil ag an stáisiún vótála atá ainmnithe ar do chárta vótála, arb é sin do stáisiún vótála áitiúil de ghnáth.

Má tá míchumas ort a fhágann nach féidir leat do stáisiún vótála áitiúil a úsáid, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun vóta a chaitheamh i stáisiún vótála eile a bhfuil rochtain agat air. Faigh tuilleadh eolais inár roinn Vótáil Inrochtana.

Lá na vótála

Beidh ort foirm bhailí aitheantais phearsanta a thaispeáint. Ní hionann do chárta vótála agus cineál aitheantais bailí. Your polling card is not a valid form of identification.

Is féidir leat na doiciméid seo a leanas a úsáid chun d’aitheantas a chruthú:

  • Pas (cárta pas nó leabhar pas)
  • Ceadúnas tiomána
  • • Cárta aitheantais ionaid oibre (caithfidh grianghraf a bheith air)
  • Cárta aitheantais mic léinn (caithfidh grianghraf a bheith air)
  • Doiciméad taistil (caithfidh grianghraf a bheith air)
  • Cárta Seirbhísí Poiblí
  • Leabhar cuntais bainc nó comhair creidmheasa ar a bhfuil d’ainm agus do sheoladh sa dáilcheantar

Mura bhfuil aon cheann de na doiciméid atá liostaithe thuas agat, is féidir leat ceann amháin díobh seo a leanas a úsáid, mar aon le fianaise ar do sheoladh sa dáilcheantar:

  • Seicleabhar nó cárta
  • Cárta creidmheasa
  • Teastas breithe nó pósta

What your referendum ballot papers will look like:

Féach thíos leaganacha samplacha den pháipéar ballóide do na reifrinn a bheidh ar siúl Dé hAoine an 8 Márta 2024.

Leasú ar an Teaghlach (39ú Leasú) Páipéar Ballóide Samplach (bán)

Do vóta a chaitheamh

Nuair a thiocfaidh tú chomh fada leis an stáisiún vótála atá ainmnithe ar do chárta vótála, iarrfar ort d’ainm agus do sheoladh a thabhairt agus ba chóir go mbeadh do ID réidh agat lena iniúchadh.

Má tá an t-oifigeach ceannais, nó ball dá fhoireann, sásta le d’aitheantas, agus go bhfuil d’ainm ar Chlár na dToghthóirí, stampálfaidh an t-oifigeach ceannais páipéir bhallóide agus tabharfaidh sé duit iad.

Tabharfaidh tú leat do pháipéir bhallóide agus ansin rachaidh tú isteach in urrann phríobháideach vótála.

Tá treoracha gairide ar an bpáipéar ballóide faoi conas vóta a chaitheamh agus tá sonraí ar thogra an reifrinn ann. Cuirtear ceist ort an bhfuil tú i bhfabhar an togra.

Ba chóir duit “X” a mharcáil sa bhosca “Tá” nó “Níl” ar an bpáipéar, ansin é a fhilleadh agus a chur i mbosca ballóide séalaithe.

Cuirfear pinn luaidhe ar fáil, ach is féidir leat do pheann nó do pheann luaidhe féin a thabhairt leat más mian leat.

Is féidir leat faisnéis a léamh ar conas vóta poist a chaitheamh agus conas vótáil má tá tú ar liosta vótálaithe speisialta.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil ceanglais incháilitheachta ann maidir le clárú le haghaidh vóta poistchun go gcuirfear ar an liosta vótálaithe speisialta thú.