Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Saoráil Faisnéise

Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise (SF) i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 2014, agus tugadh na cearta reachtúla a leanas leis do bhaill an phobail:

  • • an ceart rochtain a bheith acu ar thaifid atá coimeádta ag comhlachtaí poiblí uile atá clúdaithe ag an Acht;
  • • an ceart go ndéanfaí faisnéis phearsanta atá coimeádta ina leith i dtaifead a cheartú nuair atá a leithéid d’fhaisnéis neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
  • • an ceart cúiseanna a fháil le cinntí arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí a théann i bhfeidhm ar an duine.

San Acht SF déantar idirdhealú idir fhaisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta. Is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta beag beann ar an uair a cruthaíodh í má tá sí fós ann. Ní féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis neamhphearsanta ach amháin má chruthaíodh í tar éis an 21 Aibreán 1998 (dáta tosaigh an Achta um Shaoráil Faisnéise).

Leis an Acht SF cuirtear ceanglas orainn faisnéis áirithe a fhoilsiú maidir lenár ngníomhaíochtaí agus chun faisnéis eile a chur ar fáil do shaoránaigh ar iarratas. Is féidir leat rochtain a fháil anseo ar an bhfaisnéis a fhoilsímid chun an ceanglas sin a chomhlíonadh agus foilsímid loga de na hiarratais ar fhaisnéis neamhphearsanta faoi SF a fhaighimid ar bhonn ráithiúil.

Mura bhfuil an fhaisnéis a theastaíonn uait foilsithe cheana féin anseo, is féidir leat iarratas SF a chur isteach trí ríomhphost a sheoladh chugainn ag foi@electoralcommission.ie