Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

Eolas Toghcháin ar Líne a Rialáil

Chun cothroime agus sláine na dtoghchán agus na reifreann a chosaint, déanfaidh an Coimisiún Toghcháin an méid seo a leanas:

  • scaipeadh na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise a fhaire, a imscrúdú agus a chomhrac;
  • monatóireacht, imscrúdú, sainaithint agus comhrac a dhéanamh ar iompar ionramhálach nó bréagach;
  • faireachán, imscrúdú agus sainaithint a dhéanamh ar threochtaí maidir le bréagaisnéis, mífhaisnéis agus iompar ionramhálach nó bréagach.

Níl an chuid seo den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, (Cuid 5) tosaithe go fóill.

Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún Toghcháin feasacht an phobail chun cinn maidir le mífhaisnéis, bréagaisnéis agus iompar ionramhálach nó bréagach agus bunóidh sé cláir oideachais agus faisnéise chun cabhrú le dul i ngleic leis an tsaincheist sin.

Rialáil Fógraíocht Ar Líne le linn Tréimhsí Toghcháin

Beidh an Coimisiún Toghcháin freagrach as a áirithiú go mbeidh an fhógraíocht pholaitiúil ar na meáin shóisialta agus ar ardáin dhigiteacha eile go hiomlán trédhearcach agus sainaitheanta go soiléir. Níl an chuid seo den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022, (Cuid 4) tosaithe go fóill.

Athbhreithniú ar an Imeacht Iarthoghcháin

Féadfaidh an Coimisiún, tar éis gach cinéal toghcháin — reifreann, Uachtarán, Dáil, Seanad, toghchán Eorpach agus toghchán áitiúil — tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú maidir le riar na hócáide toghcháin.

Comhairle

Féadfaidh an Coimisiún, agus déanfaidh sé nuair a iarrfaidh an tAire air é, comhairle a thabhairt don Rialtas nó don Aire agus moltaí a chur faoina bhráid nó faoina bráid, i ndáil le haon tograí le haghaidh athrú reachtaíochta, nó le haon nithe beartais eile a bhaineann le beartas nó nósanna imeachta toghcháin.