Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

Is comhlacht reachtúil, neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin, a bunaíodh an 9 Feabhra 2023, atá freagrach as raon leathan feidhmeanna toghcháin mar atá leagtha amach san Acht um Athchóiriú Toghchán 2022. Tá an Coimisiún ag croílár chóras toghcháin na hÉireann, agus raon feidhmeanna toghcháin á gcur i bhfeidhm aige lena n-áirítear:

  • freagracht as páirtithe polaitiúla a chlárú, agus as Clár na bPáirtithe Polaitiúla a ullmhú agus a choimeád.
  • an chinnteoireacht, maoirseacht, rúnaíocht agus seirbhísí tacaíochta a bhaineann le hábhar mholtaí an reifrinn a mhíniú, tuiscint an phobail a chur chun cinn maidir leis an reifreann agus na toghthóirí a spreagadh chun vótáil i vóta an reifrinn.
  • athbhreithnithe a dhéanamh agus tuarascálacha a chur le chéile maidir leis na toghcheantair le haghaidh Teachtaí Dála agus Feisirí Pharlaimint na hEorpa a thoghadh; agus
  • tuarascálacha a chur faoi bhráid an Aire maidir le teorainneacha toghcheantar áitiúil.

Cuirtear roinnt ról toghcháin nua de chúram ar an gCoimisiún freisin, lena n-áirítear:

  • cláir taighde a ullmhú agus taighde a dhéanamh ar bheartas agus ar nós imeachta toghcháin, agus comhairle a thabhairt, de réir mar is gá, don Aire agus don Rialtas.
  • tuiscint an phobail a chur chun cinn ar phróisis thoghcháin agus dhaonlathacha an Stáit, agus obair a dhéanamh chun a rannpháirteachas iontu a mhéadú, trí chláir oideachais agus faisnéise;
  • maoirseacht a dhéanamh ar an gClár Toghcháin nuachóirithe, moltaí a dhéanamh agus caighdeáin a leagan síos maidir lena choimeád agus lena nuashonrú;
  • freagracht as fógraíocht pholaitiúil ar líne a n-íoctar as a rialáil, agus follasacht á cinntiú maidir le fógraí polaitiúla ar líne a ceannaíodh chun rith le linn tréimhse thoghcháin nó le linn feachtais reifrinn;
  • freagracht as bréagfhaisnéis ar líne, mífhaisnéis ar líne agus iompraíocht shleamhain nó bhréagach ar líne le linn tréimhsí feachtais thoghcháin a imscrúdú agus a mhonatóiriú, agus as feidhmeanna freisin chun iompraíochtaí sleamhna nó bréagacha ar líne a chosc.
  • tuarascálacha ex post a ullmhú maidir le himeachtaí toghcháin a riar.