Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Reifreann ar an mBille um an Ochtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2008 (Conradh Liospóin)

Bhí reifreann ann an 12 Meitheamh 2008 maidir le togra chun an Bunreacht a leasú chun a cheadú d’Éirinn Conradh Liospóin a dhaingniú.

Bhí sé beartaithe sa Chonradh an dá phríomhchonradh lena rialaítear an AE a leasú, ach gan aon ní a chur ina n-ionaid, eadhon:

  • an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh (Conradh CE);
  • an Conradh ar an Aontas Eorpach (Conradh Maastricht).

D’athródh an Conradh ainm Chonradh CE go dtí an “Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”.

D’fhéadfaí na hathruithe a bhí beartaithe sa Chonradh a roinnt in dhá phríomhréimse:

  • athruithe ar an gcaoi a rialaítear an AE
  • athruithe a dhéanann difear do réimse gníomhaíochtaí de chuid an AE.

Níor thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.