Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Reifreann ar an mBille um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht(Uimh. 2) 2001 (Pionós an Bháis a Chur ar Ceal)

Bhí reifreann ann an 7 Meitheamh 2001 maidir le togra chun gach tagairt do phionós an bháis a scriosadh ón mBunreacht.

Rinneadh leasú ar cheithre fhoráil ar leith sa Bhunreacht, agus ba é an tionchar a bhí ag na ceithre leasú sin ná gach tagairt do phionós an bháis a bhí fágtha sa Bhunreacht a scriosadh agus cosc a chur ar thabhairt isteach an phionóis sin arís faoi imthosca ar bith, fiú i gcás ina bhfuil staid éigeandála i gceist. Toirmisctear ar an Oireachtas anois aon dlí a achtú lena ndéantar foráil chun pionós an bháis a ghearradh.

Thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.