Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Reifreann ar an mBille um an Seachtú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2004 (Saoránacht Éireann)

Bhí reifreann ann an 11 Meitheamh 2004 maidir le togra chun athrú a dhéanamh ar na rialacha i ndáil leis an teidlíocht bhunreachtúil i leith na saoránachta ó bhreith.

Mar gheall ar an athrú:

  • Tar éis don leasú bunreachtúil teacht i bhfeidhm, ní bheadh ceart bunreachtúil ag daoine a rugadh in oileán na hÉireann a bheith ina saoránaigh Éireannacha, mura rud é gur shaoránach Éireannach duine dá dtuismitheoirí nó go raibh duine dá dtuismitheoirí i dteideal a bheith ina shaoránach nó ina saoránach Éireannach, an tráth a rugadh iad.
  • Bheadh an tOireachtas ábalta reachtaíocht a rith lena rialófaí na bealaí ina bhféadfaidh daoine eile a rugadh in Éirinn teacht chun bheith ina saoránaigh Éireannacha.

Thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.