Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Bhí reifreann ann an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le togra chun an Bunreacht a leasú i dtaobh an féidir pá na mbreithiúna a laghdú i gcúinsí áirithe.


Reifreann ar an mBille um an Naoú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2011 (Tuarastal Breithiúna)

Leis an athrú a bhí beartaithe ar an mBunreacht, cheadófaí dlí a rith chun pá na mbreithiúna a laghdú go comhréireach más rud é go bhfuil pá na státseirbhíseach á laghdú nó laghdaithe agus má shonraítear go bhfuil an laghdú sin “chun leasa an phobail”.

Leis an togra, cheadófaí dlí a rith a d’fhágfadh go mbeadh ar bhreithiúna “Tobhach Pinsin na Seirbhíse Poiblí” a íoc chomh maith le haon mhuirear nó aon mhuirir dá samhail amach anseo.

Thoiligh na daoine leis an togra.


Reifreann ar an mBille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht 2011 (Fiosruithe Thithe an Oireachtais)

Bhí reifreann ann an 27 Deireadh Fómhair 2011 maidir le togra chun cumhacht shainráite a bhronnadh ar Thithe an Oireachtais chun fiosrúcháin a dhéanamh maidir le cúrsaí a bhfuil tábhacht ag baint leo don phobal i gcoitinne agus, nuair atá an méid sin á dhéanamh acu, cinntí fíorais a dhéanamh i ndáil le hiompar duine ar bith.

Mar gheall ar an athrú beartaithe ar an mBunreacht:

  1. Bheadh sé de chumhacht ag an Dáil agus ag an Seanad, ag obair as lámha a chéile nó ar leithligh, fiosrúchán a dhéanamh maidir le hábhar ar bith a mheasann ceachtar acu, nó an péire acu, a bhfuil tábhacht ag baint leis don phobal i gcoitinne. Bheadh sé riachtanach reachtaíocht a thabhairt isteach chun na sonraí maidir leis an gcaoi ina ndéanfaí fiosrúcháin den sórt sin a leagan amach.
  2. Agus fiosrúchán ar bith den sórt sin á dhéanamh, bheadh sé de chumhacht ag ceachtar den dá Theach, nó ag an bpéire acu, fiosrúchán a dhéanamh maidir le hiompar duine ar bith agus bheadh sé de chumhacht acu cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le hiompar an duine sin.
  3. Bheadh sé de chumhacht ag an Dáil nó ag an Seanad nó ag an dá theach an chothromaíocht oiriúnach a chinneadh idir cearta na ndaoine a mbeadh baint acu le fiosrúchán ar bith den sórt sin agus na riachtanais ó thaobh leas an phobail de. Agus an méid sin á dhéanamh acu, bheadh sé d’oibleagáid orthu aird a thabhairt ar phrionsabail na nósanna imeachta cothroma. Bunaíodh na prionsabail sin faoin mBunreacht agus trí na Cúirteanna.

Níor thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.