An Scéim Foilsitheoireachta um Shaoráil Faisnéise
Ullmhaítear Scéim Foilsitheoireachta an Choimisiúin Toghcháin faoi alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, ina gceanglaítear ar chomhlachtaí saorála faisnéise a oiread faisnéise agus is féidir a ullmhú agus a fhoilsiú ar bhealach oscailte agus inrochtana mar ghnáthnós taobh amuigh de shaoráil faisnéise, ag féachaint do phrionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta agus na cuntasachta. Cuireann an Scéim Foilsitheoireachta um Shaoráil Faisnéise de cheangal ar chomhlachtaí saorála faisnéise faisnéis a chur ar fáil mar chuid dá ngnáthghníomhaíochtaí gnó de réir na scéime seo.
Foráiltear san Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine ón dáta éifeachta:
- an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais nó comhlachtaí poiblí eile a shainmhínítear san acht;
- an ceart chun faisnéis phearsanta a bhaineann leo atá á gcoinneáil a cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta nuair a bhíonn an t-eolas sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
- an ceart cúiseanna a bheith tugtha dóibh faoi chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí a théann i bhfeidhm orthu.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé iarraidh um Shaoráil Faisnéise?
Scríobh chugainn ag rá go bhfuil tú ag déanamh iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.
- Sa phost – seol d’iarraidh chuig: An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2
- Ar ríomhphost – seol d’iarraidh chuig: foi@electoralcommission.ie
Cén chaoi a gcabhróidh tú linn déileáil le d’iarraidh?
Ba cheart duit a oiread faisnéise agus is féidir a bhaineann le d’iarraidh a thabhairt. Tá tuilleadh sonraí faoi iarraidh um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh ar fáil anseo. Tabhair faoi deara go bhféadfadh an oifig seo dul i dteagmháil leat chun d’iarraidh a shoiléiriú.
An gcaithfidh mé táille a íoc?
Gearrtar táillí as an am a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead a scaoiltear chugat agus as cóipeáil na dtaifead sin. Leagtar amach in alt 27 den Acht na gnéithe cuardaigh agus aisghabhála ar féidir táille a ghearradh orthu.
- A chinneadh an sealbhaíonn sé an fhaisnéis arna hiarraidh,
- An fhaisnéis nó na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis a aimsiú,
- An fhaisnéis nó na doiciméid sin a aisghabháil,
- An fhaisnéis a bhaint amach as na comhaid, as na doiciméid nó as na foinsí faisnéise leictreonacha nó eile ina bhfuil an fhaisnéis agus ábhar eile nach bhfuil iomchuí maidir leis an iarraidh, agus
- Sceideal ina sonraítear na taifid atá le breithniú lena scaoileadh a ullmhú.
Ní ghearrtar aon táille as iarraidh thosaigh um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh. Gearrtar €30 (nó €10 i gcás sealbhóirí cárta leighis) as athbhreithniú inmheánach. Má bhíonn táille le híoc, is féidir íoc le seic, le dréacht bainc nó le hordú poist. Ní ghearrtar aon táille as iarraidh a dhéanamh ar rochtain ar do thaifid phearsanta.
D’fhéadfaí táillí €20 in aghaidh na huaire a ghearradh as an am a chaitear ag aimsiú agus ag aisghabháil taifead. D’fhéadfaí táille a ghearradh ort freisin as aon chostais chóipeála a bhaineann leis an ábhar a iarradh a chur ar fáil duit.
Ach:
- má bhíonn costas €100 nó níos lú ar an gcuardach, aisghabháil agus cóipeáil, ní ghearrfar aon táille;
- má bhíonn níos mó ná €100 ar an táille, beidh táillí iomlána i gceist suas le €500;
- má mheastar go mbeidh costas níos mó ná €700 ar an gcuardach, aisghabháil agus cóipeáil, féadfaidh an oifig seo a dhiúltú d’iarraidh a phróiseáil mura mbeachtaíonn tú d’iarraidh chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann sin;
- Má mheastar go mbeidh níos mó ná €100 ar an táille, iarrfar éarlais 20% ar a laghad;
- Gearrtar €0.04 in aghaidh na bileoige i gcás fótachóipeála.
Céard is féidir liom a dhéanamh mura bhfuilim sásta le cinneadh – an féidir liom achomharc a dhéanamh?
Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a rinneadh, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a iarraidh; athbhreithniú iomlán agus nua ar d’iarraidh é sin a dhéanfaidh duine níos sinsearaí. Mura bhfuil tú sásta ina dhiaidh sin, is féidir achomharc a chur faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Faisnéise.
Cá fhad a thógfaidh sé?
Nuair a fhaighimid iarraidh um Shaoráil Faisnéise, bíonn suas le ceithre seachtaine againn le cinneadh a dhéanamh. Eiseofar ár gcinneadh duit i scríbhinn, agus sonrófar ann an bhfuil d’iarraidh le deonú ina iomláine nó i bpáirt nó le diúltú. Tabharfar an chúis/na cúiseanna lenár gcinneadh freisin.
Cuntas um Nochtadh Saorála Faisnéise
Tá eolas le fáil anseo ar iarratais neamhphearsanta faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Déantar an liosta thíos a nuashonrú ar bhonn ráithiúil.
- 2025 – Eanáir-Meitheamh (Word)
- 2025 – Eanáir-Meitheamh (PDF)
- 2024 (Word)
- 2024 (PDF)
- 2023 (Word)
- 2023 (PDF)
Má tá tuilleadh eolais uait faoi iarrataí um Shaoráil Faisnéise, seol ríomhphost chuig foi@electoralcommission.ie nó seol d’fhiosrúchán chuig: An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise, An Coimisiún Toghcháin, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
FAOIN GCOIMISIÚN
Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún Toghcháin a bunaíodh an 9 Feabhra 2023 ag a bhfuil freagracht as raon leathan d’fheidhmeanna toghcháin a leagtar amach san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
Leagtar amach tuilleadh sonraí faoi fheidhmeanna an Choimisiún anseo agus faoi alt 30 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022.
FAISNÉIS AIRGEADAIS
Maoinítear an Coimisiún Toghcháin trí Vóta Oireachtais, a fhoilsítear sna Meastacháin Rialtais Bhliantúla, agus is é Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Choimisiúin an tOifigeach Cuntasaíochta dá Vóta. Bunaíodh Vóta 23 ar an 1 Márta 2023, agus ceanglaítear ar an Oifigeach Cuntasaíochta an Cuntas Leithreasa a ullmhú gach bliain do Vóta an Choimisiúin, agus é a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. D’fhéadfaí iarraidh ar an Oifigeach Cuntasaíochta teacht os comhair an Choiste Oireachtais um Chuntais Phoiblí ansin chun fianaise a thabhairt faoin gCuntas.
FAISNÉIS SOLÁTHAIR
Cuireann an Coimisiún Toghcháin dea-chleachtas agus seasmhacht i bhfeidhmiú rialacha soláthair phoiblí chun cinn i ndáil leis na hearraí agus seirbhísí a cheannaíonn sé.
Ní mór tabhairt faoin soláthar ar fad laistigh den Choimisiún de réir na reachtaíochta soláthair ábhartha ar fad atá ar fáil anseo.
Nuair is féidir, úsáideann an Coimisiún creataí soláthair phoiblí a chuireann an Oifig um Sholáthar Rialtais ar fáil ar ogp.gov.ie.
TUARASCÁLACHA BLIANTÚLA
Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin ar an 9 Feabhra 2023 faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Deirtear in alt 28 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022:
Deirtear in alt 27 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022:
27. (1) A luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ach tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi deara tuarascáil ar chomhlíonadh a fheidhmeanna le linn na bliana sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Tá Tuarascálacha Bliantúla ar fáil anseo.
RÁITIS STRAITÉISE
Bunaíodh an Coimisiún Toghcháin ar an 9 Feabhra 2023 faoin Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022. Deirtear in alt 28 den Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022:
28. (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh an Coimisiún, gach 3 bliana, ráiteas straitéise a bheidh dírithe ar na chéad 3 bliana eile a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Chomhchoiste Oireachtais.
Tá an chéad Ráiteas Straitéise ón gCoimisiún Toghcháin ar fáil anseo.
STUCHTÚR EAGRAÍOCHTÚIL
Tá an Coimisiún comhdhéanta de 7 gcomhalta. Is í an Breitheamh Marie Baker an cathaoirleach, a d’ainmnigh an Príomh-Bhreitheamh.
Tá ceathrar gnáthchomhaltaí den Choimisiún ann a ceapadh tar éis comórtais a reáchtáil an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Is iad sin:
- Alex Attwood
- John Curran
- An tOllamh Caroline Fennell
- Maura Quinn
Tá beirt chomhaltaí de bhrí oifige ann:
- Ger Deering, Ombudsman
- Peter Finnegan, Cléireach na Dálal.
FOIREANN BAINISTÍOCHTA:
Is iad seo a leanas foireann bainistíochta an Choimisiúin Toghcháin:
Ceapadh Art O’ Leary mar Phríomhfheidhmeannach trí cinneadh Rialtais ar 30ú Bealtaine 2023. Is iar Ard-Rúnaí é don Uachtarán, Rúnaí ar roinnt Comhthionól Saoránach agus d’oibrigh sé i dTithe an Oireachtais le fiche bliain.
Is cuntasóir cáilithe (ACMA) í an Ceannasaí Rialachais Chorparáidigh Karen Kehily, agus taithí aici ar an earnáil phoiblí agus ar an earnáil phríobháideach araon ón am atá caite aici i mbun roinnt post i réimsí na seirbhísí corparáideacha, an rialachais agus na bainistíochta airgeadais.
D’oibrigh Dr Mary-Clare O’Sullivan, Ceannasaí Shláine na dToghchán agus Taighde, ar anailís agus forbairt bheartais thar raon réimsí i Roinn an Taoisigh agus bhí sí ina Rúnaí don Tionól Saoránach um Chomhionannas Inscne.
Tá taithí na mblianta ag Kieran Lenihan, an Ceannasaí Oibríochtaí Toghcháin agus Oideachas, i róil oibríochta agus oideachais san earnáil phoiblí, phríobháideach agus dheonach. Ina ról is deireanaí, d’oibrigh sé i dTithe an Oireachtais ar feadh os cionn deich mbliana.
D’oibrigh Sean Garvey, an Ceannasaí Maoirsithe agus Forfheidhmithe, i róil éagsúla sa státseirbhís, ina measc mar Rúnaí an Choimisiúin Reifrinn, Rúnaí an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, Ceannasaí Feidhme Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta agus mar Imscrúdaitheoir Sinsearach in Oifig an Ombudsman.
D’oibrigh Diane Duggan, Ceannaire Dlí, mar abhcóide cleachtach sa Dlí Poiblí agus béim ar leith aici ar an Dlí Bunreachtúil, Cearta Daonna, Dlí Leanaí agus rochtain ar shaincheisteanna ceartais, agus rinne sí ionadaíocht ar an Stát agus ar dhaoine aonair araon. D’fhóin sí mar Chathaoirleach ar Bhinsí Meabhair-Shláinte, chomhordaigh sí scéim pro bono Bharra na hÉireann agus mar aon lena cáilíochtaí dlí tá céim aici sa tsíceolaíocht agus Máistreacht sa Nuálaíocht Shóisialta.
MIONTUAIRISCÍ AGUS CLÁIR OIBRE AN CHOIMISIÚN
Tagann ár gCoimisiún le chéile go rialta chun obair an Choimisiúin Toghcháin a stiúradh.
Foilsítear Miontuairiscí agus Cláir Oibre chruinnithe an Choimisiúin mar chuid den scéim foilsitheoireachta seo agus is féidir féachaint orthu anseo.
GAIRMEACHA
Déantar earcaíocht tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá eolas faoina bpróisis ar fáil ar an suíomh gréasáin www.publicjobs.ie. Postáiltear folúntais, de réir mar a thagann siad chun cinn, ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse agus postálfar ar ár suíomh gréasáin féin iad freisin.
CÓD CLEACHTAIS
Is státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit iad ár mbaill foirne agus tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse dá réir sin.