Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Ba é moladh an reifrinn ar an Reifrinn ar Phósadh ná ar aontaigh nó nár aontaigh tú clásal a chur sa bhunreacht a cheadódh beirt daoine a phósadh beag beann ar a ghnéas.

Bhí an reifreann ar Aois Iarrthóirí na hUachtaránachtaar cé acu ar aontaigh tú nó nár aontaigh an aois ag a féadfaidh an duine a bheith ina iarrthóir ar oifig an Uachtaráin, ó 35 go 21.

Treoir Neamhspleách

Foilsíodh Treoir Neamhspleách i bhfoirm leabhráin agus scaipeadh é ar gach teach sa stát. Tá cur síos gairid ar gach togra sa treoir seo.

D’fhoilsigh an Coimisiún freisin leagan den treoir neamhspleách do dhaoine faoi mhíchumas intleachta.


1. An Reifrinn ar Phósadh

An bille un cheathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta) 2015. Cuireadh an leasú atá beartaithe leis an mBunreacht faoi bhráid an phobail an 22 Bealtaine 2015.

Thoiligh na daoine leis an togra.

2. Reifreann ar Aois Iarrthóirí na hUachtaránachta

An Bille um cúigiú Leasú is tríocha ar an mBunreacht (Aois Cáilitheachta do Thoghcháin chuig Oifig an Uachtaráin) 2015. Cuireadh an leasú atá beartaithe leis an mBunreacht faoi bhráid an phobail an 22 Bealtaine 2015.

Níor thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Féadfaidh tú tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn a léamh ar líne nó cóip PDF den tuarascáil a íoslódáil.