Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Reáchtáladh reifreann an 10 Samhain 2012 maidir le togra leis an mBunreacht a leasú trí airteagal nua 42A a chur isteach agus airteagal 42.5 a bhaint amach. Bhí ceithre phríomhchuid i gceist leis an togra.

Ar dtús, dá bhfaomhfaí an t-athrú, d’admhálfaí go follasach sa Bhunreacht go bhfuil cearta ag leanaí, agus go bhfuil oibleagáid ar an Stát na cearta sin a chosaint agus a shuíomh sa mhéad is infheidhmithe é.

An dara hathrú is ea go ndéanfaí roinnt athruithe ar an bhforáil bhunreachtúil atá ann faoi láthair i ndáil le hidirghabháil an Stáit i gcásanna eisceachtúla go mainníonn tuismitheoirí ina ndualgas do leanbh.

An tríú pointe is ea go gciallódh sé go gcaithfeadh an stát reachtaíocht a rith lena gceadófaí uchtú aon linbh, lena n-áirítear trí shuíomh saorálach, cibé má tá na tuismitheoirí pósta le chéile nó nach bhfuil. D’éileofaí leis an athrú freisin go gceadófaí, leis an dlí, aon leanbh a uchtú i gcás gur mhainnigh na tuismitheoirí, ar feadh tréimhse ama a shonrófaí sa dlí, ina ndualgas don leanbh, agus i gcás gurb é an t-uchtú an rogha is fearr ar mhaithe le leas an linbh.

Ar deireadh, leis an athrú, chuirfí d’oibleagáid ar an Stát dlíthe a rith lena gceanglófaí ar na cúirteanna barr leasa an linbh a bhreithniú mar an rud is tábhachtaí agus cinntí á ndéanamh in imeachtaí áirithe a bhaineann le sábháilteacht, leas, uchtú, caomhnóireacht, nó coimeád linbh, nó rochtain air nó uirthi. Chiallódh na hathruithe freisin go gcaithfeadh an Stát dlíthe a rithe lena gceanglófaí ar na cúirteanna, i gcásanna is infheidhmithe, dearcaí linbh a dhéanamh amach agus a chur san áireamh, agus aird á tabhairt ar a aois agus leibhéal a aibíochta nó ar a haois agus leibhéal a haibíochta sula ndéanfaí cinntí dá leithéid.

Thoiligh na daoine leis an togra.


Tuarascáil

Níl aon téacs Gaeilge den Tuairisc ar fáil agus mar sin tá an nasc le téacs Béarla an Tuairisc.