Skip to main content

Ireland’s Statutory, Independent Electoral Commission

An Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018. Bhain an togra reifrinn ar an reifreann maidir le foirceannadh toirchis a rialáil le cibé ar aontaigh nó nár aontaigh tú le Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht a scriosadh agus Airteagal nua a chur ina áit.

Cuireadh an leasú molta ar an mBunreacht os comhair an phobail an 25 Bealtaine 2018. Thoiligh na daoine leis an togra.

Treoir Neamhspleách

Foilsíodh Treoir Neamhspleách i bhfoirm leabhráin agus scaipeadh é ar gach teach sa stát. Tá cur síos gearr ar gach togra sa treoir sin.


D’fhoilsigh an Coimisiún treoir neamhspleách freisin do dhaoine a bhfuil míchumas intleachta ag dul dóibh.


Cliceáil anseo

Chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann suíomh gréasáin an Choimisiúin Reifrinn ar an reifreann maidir le foirceannadh toirchis a rialáil i gcartlann. Má tá aon deacracht agat nó má tá ceist agat maidir leis an suíomh gréasáin cartlannaithe, déan teagmháil le webarchives@nli.ie


Tuarascáil

Féadfaidh tú tuarascáil an Choimisiúin Reifrinn a léamh ar líne nó cóip PDF den tuarascáil a íoslódáil.