Skip to main content
A ballot paper being stamped

Is é do vóta do ghuth

Leagtar Amach Moltaí le haghaidh Athruithe a Theastaíonn i dTuarascáil Reifreann an Choimisiúin Toghcháin

15 Iúil 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tuarascáil inniu faoi chomhlíonadh a fheidhmeanna i gcás na reifreann ar an Teaghlach agus Cúram a bhí ar siúl ar an 8 Márta i mbliana. Leagtar amach sa tuarascáil an chaoi ar chomhlíon an Coimisiún a fheidhmeanna mar a leagtar amach san Acht … Continued

Fáiltíonn an Coimisiún Toghcháin roimh Laghdú 29% ar Vótaí Millte sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha

12 Meitheamh 2024 – D’fháiltigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, roimh laghdú suntasach 29% ar leibhéal na vótaí millte sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha. Bhailigh an Coimisiún figiúirí sealadacha a léiríonn go raibh 77,464 vóta neamhbhailí nó millte sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar an 7 Meitheamh. Dearbhaíodh go raibh 108,488 vóta … Continued

Ná Feicimis 100,000+ Vóta Millte Arís i dToghcháin Eorpacha agus Áitiúla an Mheithimh

Seoltar Feachtas Oideachais do Vótálaithe, ‘Ná Mill Do Lá’, i bPáirc an Chrócaigh Fholamh 27 Bealtaine 2024 – Deir an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, nár cheart go bhfeicfí arís an 108,488 vóta millte agus incháilithe a bhí sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla deiridh, agus cuireadh tús le feachtas oideachais do vótálaithe chun … Continued

Foilsíonn an Coimisiún Toghcháin agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) Sonraí Taighde ó NEDS Píolótach Mhárta

2 Bealtaine 2024, D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) sonraí taighde inniu ón gcéad Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais píolótach in Éirinn. Tugtar sainordú suntasach taighde don Choimisiún Toghcháin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun cláir taighde … Continued

Fógraíonn An Coimisiún Toghcháin bunú an Ghrúpa Chomhairligh Taighde

23 Feabhra 2024 D’fhógair An Coimisiún Toghcháin, coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, ballraíocht a Ghrúpa Comhairleach Taighde inniu. Tacóidh an sainghrúpa de dhaoine éagsúla seo leis an gCoimisiún chun a chlár uaillmhianach taighde a mholtar ina Dhréachtchlár Taighde 2024-2026 a chur ar fáil. Áirítear le seo raon téamaí taighde féideartha a shíneann thar chúig shnáithe, … Continued

Deimhnítear Páirtithe mar “Chomhlachtaí Ceadaithe” le haghaidh Reifrinn an 8 Márta

23 Feabhra 2024 – Thug an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, fógra inniu gur chláraigh cúig pháirtí polaitíochta leis an gCoimisiún le bheith ina “gComhlachtaí Ceadaithe” le haghaidh Reifrinn an 8 Márta. Tugadh fógra i dtaobh na gComhlachtaí Ceadaithe sin do Cheann Comhraimh an Reifrinn mar a leagtar amach san Acht um Athchóiriú … Continued

Molann Athbhreithniú ar Dháilcheantair agus Toghlaigh do Pharlaimint na hEorpa 2023 14 TDanna sa Bhreis & Athbhunú na dTeorainneacha Contae

Moltaí Foilsithe do Dháil de 174 Suíochán & 43 DáilcheantarGan Athrú Molta do Theorainneacha FPE toisc go bhfantar ar Leithdháileadh Suíocháin 30 Lúnasa 2023 –Tá a mholtaí neamhspleácha curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoimisiún Toghcháin maidir le comhdhéanamh dháilcheantair na hÉireann agus thoghcheantair Pharlaimint na hEorpa do na chéad toghcháin eile. Molann an … Continued