Skip to main content

Is é do vóta do ghuth

Foilsíonn an Coimisiún Toghcháin agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) Sonraí Taighde ó NEDS Píolótach Mhárta

2 Bealtaine 2024, D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, agus Bord Bainistíochta an Staidéir Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais (NEDS) sonraí taighde inniu ón gcéad Staidéar Náisiúnta ar Chúrsaí Toghcháin agus Daonlathais píolótach in Éirinn. Tugtar sainordú suntasach taighde don Choimisiún Toghcháin san Acht um Athchóiriú Toghcháin, 2022 chun cláir taighde … Continued

Foilsíonn an Coimisiún Toghcháin an Creat maidir le Faisnéis faoi Phróisis Thoghchánacha, Fógraíocht Pholaitiúil agus Inneachar Meabhlach IS Ar Líne roimh thoghcháin mhí an Mheithimh

24 Aibreán 2024 – D’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, Creat inniu maidir le Faisnéis faoi Phróisis Thoghchánacha, Fógraíocht Pholaitiúil agus Inneachar Meabhlach IS Ar Líne (‘an Creat’) roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, na n-údarás áitiúil agus mhéara Luimnigh ar an 7 Meitheamh. Chuir an Coimisiún Toghcháin chuige é sin a dhéanamh … Continued

Páirtí Nua Beartaithe agus Athruithe ar Ainm/Shuaitheantas Páirtí Eile i measc Athruithe ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta

12 Aibreán 2024 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí ‘Rabharta’ a cheadú i leith na dToghchán Áitiúil, ar a dtugtar ‘Rabharta (Ireland South & Dublin)’ freisin, i leith Toghchán do Pharlaimint na hEorpa, chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a … Continued

Agus an Reifreann ag Teacht Chun Críche, Leagann an Coimisiún Toghcháin Amach Sonraí Thréimhse a Fheachtais.

9 Márta 2024 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, tar éis cur síos a dhéanamh ar na sonraí deiridh dá fheachtais faisnéise, a seoladh ar an 25 Eanáir don dá fheachtas reifrinn agus a chríochnaigh nuair a d’oscail an vótáil inné. I rith shé seachtaine an fheachtais, rinne an Coimisiún Toghcháin: … Continued

Toghcháin Mhéara Luimnigh Socraithe do Mhí an Mheithimh

7 Márta 2024 – Tá fáilte curtha ag coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, an Coimisiún Toghcháin, roimh shíniú an Bhille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2023, ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn. Foráiltear sa dlí do bhunú oifige méara do Chathair agus Contae Luimnigh agus do thoghchán chun Méara Luimnigh a roghnú. … Continued

Fógraíonn An Coimisiún Toghcháin bunú an Ghrúpa Chomhairligh Taighde

23 Feabhra 2024 D’fhógair An Coimisiún Toghcháin, coimisiún toghcháin neamhspleách na hÉireann, ballraíocht a Ghrúpa Comhairleach Taighde inniu. Tacóidh an sainghrúpa de dhaoine éagsúla seo leis an gCoimisiún chun a chlár uaillmhianach taighde a mholtar ina Dhréachtchlár Taighde 2024-2026 a chur ar fáil. Áirítear le seo raon téamaí taighde féideartha a shíneann thar chúig shnáithe, … Continued

Deimhnítear Páirtithe mar “Chomhlachtaí Ceadaithe” le haghaidh Reifrinn an 8 Márta

23 Feabhra 2024 – Thug an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, fógra inniu gur chláraigh cúig pháirtí polaitíochta leis an gCoimisiún le bheith ina “gComhlachtaí Ceadaithe” le haghaidh Reifrinn an 8 Márta. Tugadh fógra i dtaobh na gComhlachtaí Ceadaithe sin do Cheann Comhraimh an Reifrinn mar a leagtar amach san Acht um Athchóiriú … Continued

An Páirtí Farmers Alliance Cláraithe le Seasamh mar Iarrthóirí

12 Eanáir 2024 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí Farmers Alliance a cheadú chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála agus áitiúla na hÉireann agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in Éirinn. Tiocfaidh an cinneadh a … Continued