Skip to main content
The logo of An Coimisiún Toghcháin

Is é do vóta do ghuth

An Coimisiún le Feachtas Faisnéise Poiblí a Sheachadadh do Reifreann an 8 Márta

5 Nollaig 2023 – Dheimhnigh an Coimisiún Toghcháin (An Coimisiún), coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, go bhfuil a phleanáil ar bun cheana féin chun faisnéis a sholáthar faoin Reifreann atá le teacht ar an 8 Márta. I measc a fheidhmeanna, tá an Coimisiún Toghcháin tar éis glacadh leis an ról a bhíodh ag an gCoimisiún … Continued

An Páirtí The Irish People Cláraithe le Seasamh mar Iarrthóirí

24 Samhain 2023 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí The Irish People a cheadú chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála agus áitiúla na hÉireann agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in Éirinn. Tiocfaidh an cinneadh … Continued

Moltar Suíochán Breise FPE do Thoghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt

20 Samhain 2023 – Chuir an Coimisiún Toghcháin, coimisiún neamhspleách toghcháin na hÉireann, a mholtaí neamhspleácha faoi bhráid an Oireachtais maidir le leagan amach thoghlaigh thoghcháin na hÉireann le haghaidh na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa i mí an Mheithimh. Molann an Coimisiún, ina thuarascáil a cuireadh faoi bhráid an Oireachtais inniu, go sannfar an … Continued

Foilsítear Tograí Taighde an Choimisiúin Toghcháin

10 Samhain 2023 – Tá an Coimisiún Toghcháin, coimisiún nua neamhspleách toghcháin na hÉireann, tar éis a chéad Dréachtchlár Taighde le haghaidh 2024–2026 a fhoilsiú. Tá ról taighde nua agus suntasach ag an gCoimisiún i mbeartas agus nósanna imeachta toghcháin, agus tá an cumas aige faoina shainchúram reachtúil moltaí a dhéanamh don Rialtas a eascraíonn … Continued

An Páirtí Independent Ireland Cláraithe le Seasamh mar Iarrthóirí

10 Samhain 2023 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí Independent Ireland a cheadú chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála agus áitiúla na hÉireann agus i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa in Éirinn. Tiocfaidh an cinneadh a … Continued

Páirtí Polaitíochta Nua Cláraithe le Seasamh mar Iarrthóirí

15 Meán Fómhair 2023 – Thug Cláraitheoir na bPáirtithe Polaitíochta fógra inniu go bhfuil sé i gceist aige iarratas ón bpáirtí 100% Redress a cheadú chun bheith ina pháirtí polaitíochta cláraithe atá incháilithe chun iarrthóirí a sheasamh i dtoghcháin Dála agus áitiúla na hÉireann. Tiocfaidh an cinneadh a rinne Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, … Continued

Molann Athbhreithniú ar Dháilcheantair agus Toghlaigh do Pharlaimint na hEorpa 2023 14 TDanna sa Bhreis & Athbhunú na dTeorainneacha Contae

Moltaí Foilsithe do Dháil de 174 Suíochán & 43 DáilcheantarGan Athrú Molta do Theorainneacha FPE toisc go bhfantar ar Leithdháileadh Suíocháin 30 Lúnasa 2023 –Tá a mholtaí neamhspleácha curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoimisiún Toghcháin maidir le comhdhéanamh dháilcheantair na hÉireann agus thoghcheantair Pharlaimint na hEorpa do na chéad toghcháin eile. Molann an … Continued

An Líon Is Mó Aighneachtaí Poiblí Riamh ar Mhúnlú Dháilcheantair agus Thoghlaigh Eorpacha na hÉireann

Eisiúint do na Meáin 30 Bealtaine 2023 – Tá an Coimisiún Toghcháin tar éis an freagra is mó riamh ón bpobal a fháil ar a ghlao ar aighneachtaí maidir le hAthbhreithniú Toghcheantar ar an 39 Dáilcheantar agus 3 Thoghlach Pharlaimint na hEorpa. Fuair an Coimisiún Toghcháin 556 aighneacht ó ionadaithe tofa, páirtithe polaitíochta, lucht acadúil, … Continued

An Coimisiún Toghcháin chun Bonn Eolais a Chur faoi Dhíospóireacht Phoiblí agus Rannpháirtíocht i Reifreann ar Chomhionannas Inscne

Eisiúint do na Meáin 8 Márta 2023 – Beidh an Coimisiún Toghcháin, coimisiún toghcháin nuabhunaithe na hÉireann, ag stiúradh na hoibre ar an leibhéal náisiúnta maidir le míniú a thabhairt ar na saincheisteanna a mbeifear ag vótáil orthu i reifreann ar chomhionannas inscne i mí na Samhna, agus rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn.  … Continued